Tekst piosenki:
Is uaigneach mo shaol go gruama faraoir
Mo thruaill bhocht gan siamsa tá mé
S is brónach a bhím gan suaimhneas na hoich
Go buartha lag cloíte cráite
Sí n stuabhean gheal chaoin a rinne gual de mo chroí
S níl suairceas a choiche i ndán domh
Ó luadh liom mar mhnaoi go luath dtús mo shaoil
Mo chailín na gruaige báine
S i bláth bán na gcraobh í, thug barr ar gach scéimh
Le háilleacht le méid s le breáchta
Sí dfhág mé faoi léan, sí chráigh mé gan bhréig
Gus tá fhios ag Mac Dé mo chás-sa
Dá bhfaighinnse mo rogha, ó bansa liom é
Bheith ar láimh leis a spéirbhean álainn
S ní náire ar bith liom é nó s í grá geal mo chléibh
Mo chailín na gruaige báine
Dá dtigeadh sí arís ar cuairt chun mo thí
Nach mise bheadh aoibhiúil sásta
S níl áit ar bith dár mhian léi nach mbainfinnse fúm
Ach cead fháil mo shaol a chaitheamh léi
Nach trua mise smaointiú go domhain in mo chroí
Nach bhfeicim arís go brách í
Tá mé buartha bocht faoi chian is ní mhairfead beo bliain
Gan cailín na gruaige báine
Dodaj adnotację do tego tekstu »
Historia edycji tekstu
Komentarze (0):