Tekst piosenki:
1. A Úna bhán, is gránna an luighe sin ort
Ar leabaidh caol árd ameasc na mílte corp;
Muna dtagaidh d' fháidh orm, a stáid-bhean bhí riamh gan locht,
Ní thiocfaidh mé chum na h-áite seo go bráth acht aréir 's anocht.
2. A Úna bhán, a bhláth na ndlaoith ómra,
Tar éis do bháis de bhárr droch-chómhairle;
Féach, a ghrádh, cia aca b' fhearr de 'n dá chómhairle?
A éan i gcliabhán, is mé i nÁtha na Donóige.
3. A Úna bhán, d'fhágbhuidh tú mé i mbrón casta,
Agus cia b' áil leat bheith trácht air go deo feasta,
Cúilín fáinneach air ar fhás suas an t-ór leaghtha?
A's go mbfhearr liom air láimh leat 'na an ghlóir Flaithis.
4. A Úna bhán, ar seisean, na gcurachán cam,
'S an dá shúil agat ba chiuine d'á ndeachaidh i gceann,
A bhéilín an tsiúcra, mar leamhnacht, mar fhíon 's mar bheoir,
Agus a chos dheas lúthmhar is tú shiúbhalfadh gan phian i mbróig.
5. A Úna bhán, mar rós i ngáirdín thú,
'S ba choinnleoir óir ar bhórd na bainríoghna thú;
Ba cheileabhar 's ba cheolmhar ag gabháil an bhealaigh seo rómham thú,
'S é mo chreach maidne bhrónach nár pósadh liom thú.
6. A Úna bhán, is tú do mhearuigh mo chiall;
A Úna, is tú a chuaidh go dlúth idir mé 'gus Dia;
A Úna, a chraobh churtha, a lúibín casta na gciabh,
Nár bh'fearr damh-sa bheith gan súile ná d'fheiceál ariamh?
7. Is fliuch agus fuar mo chuairt-se chum an bhaile aréir,
Agus mé mo shuidhe suas ar bhruach na leapthan liom féin,
A ghile gan gruaim ag nár luadhadh an iomadamhlacht acht mé,
Cad as nach bhfuagruigheann tú fuacht na maidne dham féin?
8. Tá daoine annsan tsaoghal so chaitheas di-mheas ar dhúithche folamh
A lán de mhaoin shaoghalta, agus ni buan í aca;
Ceasacht maoine ni dheanfainn ná truagh fearainn,
Acht b'fhearr liom ná dá chaora da mbheidheadh Úna agam.
9. Seasaidh agus dearcaidh, bhfuil mo ró-ghrádh ag tigheacht?
Is mar chnap-sneachta í a's mar mhil bheacha do reoidheadh an ghrian;
Mar chnap-sneachta 's mar mhil bheacha do reoidheadh an ghrian,
Agus a chuid 's a charaid, is fada mé beo id' dhiaidh.
10. A Úna, a ainnir, a charaid, 's a dhéid órdha,
A bhéilín mealdha nár chan riamh éagcóra,
B'fhearr liom-sa bheith ar leabaidh léi 'ga síor-phógadh
'Ná mo shuidhe i bhFlaitheas i gcathaoir na Trionóide.
11. Ghluais mé tríd baile mo charad aréir,
A's ní bhfuair mé féin fuaradh ná fliuchadh mo bhéil;
'S é 'dubhairt an stuagh-chailín gruama a's madar as a méar,
"Mo thri truaighe ní n-uaigneas do casadh liom thu féin."
Dodaj adnotację do tego tekstu »
Historia edycji tekstu
Komentarze (0):